Conas Iarratas a Dhéanamh

Tá 'Treoraigh do Thodhchaí' oscailte do dhaltaí idir 15-17 bliana d'aois. Beidh an clár seo ar siúl i lár na Cathrach, i mBaile Átha Cliath, agus táimid ag moladh daltaí áitiúla, go háirithe le hiarratas a dhéanamh. Cuirimid fáilte mhór roimh dhaltaí atá ina gcónaí in áiteanna eile anois ach a bhfuil ceangal acu leis an gceantar trí theaghlaigh, seantuismitheoirí nó ceangail eile agus atá in ann a bheith i láthair ag an spás foghlama go neamhspleách gach lá.

Treoraigh do Thodhchaí’ is open to students aged 15-17. This programme will take place in Dublin City Centre, and we are particularly encouraging local students to apply. We also warmly welcome students who may now live elsewhere but have a connection to the area through family, grandparents, or other ties and are able to get to the learning space independently each day.

Is trí mheán na Gaeilge a bheidh ceardlanna na seachtaine ar siúl. É sin ráite, tá leibhéil éagsúla Gaeilge ag na héascaitheoirí ó chúpla focal go líofacht na Gaeilge. Ní chuirfear aon duine abhaile as cúpla focal Béarla a úsáid. An rud atá tábhachtach ná do dhíograis don fhoghlaim, don teicneolaíocht, don inbhuanaitheacht agus don chultúr Gaelach trí mheán na Gaeilge!

The week’s workshops will take place through Irish. That said, the facilitators have various levels of Gaeilge from cúpla focal to líofa. No one will be sent home for using a cúpla focal Béarla. What’s important is your enthusiasm for learning, technology, sustainability, and Irish culture trí Ghaeilge!

Conas Iarratas a Dhéanamh

Tá iarratais oscailte anois. Níl ach spás 20 dalta ann. Chun iarratas a dhéanamh, beidh ort cúpla ceist ghearr fút féin a fhreagairt, cur síos a dhéanamh ar dhúshlán i do cheantar, agus míniú a thabhairt ar bhealach chun an dúshlán sin a réiteach, ag baint úsáide as teicneolaíocht. Freagair i nGaeilge chomh maith agus is féidir leat. Is ar do chuid smaointe agus do dhíograis a dhéanfaidh muid measúnú agus ní ar do ghramadach.

How to apply?

Applications are open now. There are only 20 places available. To apply, you’ll need to answer a few short questions about yourself, describe a challenge in your area, and imagine a way to try and solve it, using technology. Please answer as Gaeilge to the best of your ability. We won’t be assessing your grammar, only your ideas and enthusiasm.

Déanfar athbhreithniú ar iarratais agus roinnfear áiteanna bunaithe ar dhíograis agus ar chruthaitheacht. Gheobhaidh rannpháirtithe rathúla ríomhphost deimhnithe faoi dheireadh mhí Feabhra.

Applications will be reviewed and places will be assigned based on enthusiasm and creativity. Successful participants will receive confirmation emails by the end of February.