Faoin gClár
Tá Academy of the Near Future ar bís bheith ag obair le foireann Gaelbhratach, Gael Linn chun "Treoraigh do Thodhchaí" a reáchtáil arís. Tar éis dúinn a bheith ag obair i gcroílár na Gaeltachta anuraidh, táimid ag tabhairt an chláir oideachais ETIM trí Ghaeilge seo go Lár Chathair Bhaile Átha Cliath. Tá cuireadh á thabhairt againn do dhaltaí idir 15-17 bliana d'aois iarratas a dhéanamh ar chlár seachtaine i lár na cathrach i mBaile Átha Cliath a dhéanfaidh ceiliúradh ar inbhuanaitheacht, ar an nGaeilge agus ar chultúr na hÉireann.
Sa chlár seachtaine seo, déanfaidh tú iniúchadh ar na dúshláin atá roimh do cheantar trí cheardlanna cruthaitheacha praiticiúla. Déanfaidh tú machnamh ar an tslí a bhféadfadh cultúr agus teanga/cleachtais na hÉireann inspioráid a thabhairt do réitigh nuálacha don todhchaí, agus cruthóidh tú do réiteach féin.
Academy of the Near Future is excited to partner with Gael Linn’s Gaelbhratach team to launch “Treoraigh do Thodhchaí’. After working in the heart of the Gaeltacht last year, we’re bringing this STEM education programme trí Ghaeilge to Dublin City Centre. We are inviting students aged 15-17 to apply for a week-long programme in Dublin City Centre, that celebrates sustainability, Irish language and culture.
In this week-long programme you’ll explore the challenges facing your area through hands-on creative workshops. You will reflect on how Irish culture and practices can inspire innovative solutions for the future,and create your own solution.
📍 Áit: Lár na Cathrach, Baile Átha Cliath
🗓️ Dátaí: Dé Luain 23 Márta - Dé hAoine 27 Márta
⏰ 10:00 - 16:00 gach lá
Buaicphointí na Seachtaine:
Páirt a ghlacadh i gceardlanna idirghníomhacha a chomhtháthaíonn gnéithe de theanga agus de chúltur na hÉireann le hinbhuanaitheacht agus le teicneolaíocht.
Bunaithe ar shaol agus chultúr na hÉireann, triail a bhaint as eolaíocht saoránach chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin timpeallachta atá romhainn mar shochaí.
Bualadh le saineolaithe ETIM, dearaidh agus nuálaíochta a threoróidh daltaí trí mheán na Gaeilge chun beocht a chur ina smaoineamh inbhuanaitheachta.
Engaging in interactive workshops that integrate Irish language and cultural elements with sustainability and technology.
Experimenting with citizen science to address the environmental challenges facing society, all through the lens of Irish culture.
Meeting STEM, design, and innovation experts who will guide students trí Ghaeilge in bringing their sustainability idea to life.
Is deis iontach é an clár ar leith seo chun muinín, cruthaitheacht agus scileanna réiteach fadhbanna a fhorbairt, agus iniúchadh a dhéanamh ar ról na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh i múnlú ár dtodhchaí inbhuanaithe ag an am céanna.
This unique programme is a fantastic opportunity to build confidence, creativity, and problem-solving skills, while exploring the role of Irish language and culture in shaping our sustainable future.